Clubanna Óige
Eagraíonn Feachtas clubanna óige trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga. Tá sé mar aidhm againn an féinriar agus an fhorbairt phearsanta a chur chun cinn i measc bhaill ár gclubanna. Tá muid i gcónaí ag lorg ball agus ceannairí nua! Más spéis leat a bheith páirteach i gClub Óige Feachtas, féach anseo.
Campa Samhraidh Feachtas Tamhlacht
Céard a dhéanann Feachtas?

Beidh campa samhraidh Feachas Tamhlachta ar siúl i mí Lúnasa ,13-17 Lúnasa ó Luan go 10rn go 2.30in, in ionad Scoil Santain Tamhlacht.
Níl clárú don champa oscailte go fóill, ach is féidir glaoch a chur ar 087 904 6136 / 01 865 6758 nó ríomhphost a chur chugainn ag eolas@feachtas.ie chun níos mó eolas a fháil nó do shuim a chlárú.
Tá muid an-bhuíoch don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus d'Fhoras na Gaeilge as ucht maoiniú a chur ar fáil do na campaí.
Imeachtaí agus Turais
Eagraíonn Feachtas imeachtaí agus turais do dhaoine óga a labhraíonn Gaeilge. Téann muid chuig ionaid eachtraíochta, turas thar óiche, agus Scléip na hÓige agus reáchtálann muid imeachtaí sóisialta, ceardlanna, ealaíon, spoirt agus cóisirí dár mbaill.

Comórtas Thráth na gCeist
Eagraíonn Feachtas comórtas náisiúnta Thráth na gCeist gach bliain. Bíonn duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus bíonn an-chraic ag na hiomaitheoirí ar fad.
Má tá tú ag iarraidh go mbeidh Tráth na gCeist Feachtas ar siúl i do cheantar, déan teagmháil linn.
Bhí Craobh comórtas Tráth na gCeist ar siúl ar an Mháirt 13 Márta, 2018 san Óstán Ashling, Baile Átha Cliath.
Is Coláiste Phádraig Leamhcan as Baile Átha Cliath na buaiteoirí náisiúnta ar Chraobh Comórtas Náisiúnta Tráth na gCeist Feachtas 2018 don triú uair. Tháinig Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig, An Uaimh, Co. na Mísa dara áit agus meánscoil Garmán sa tríú áit.


Scoil Clasaiceach Nsomh Phádraig, An Uaimh, Co. na Mí, a bhuaigh an dára háit i gCraobh Comórtas Tráth na gCeist Feachtas 2018
Heading 1
Scoláirí Choláiste Pádraigh Leamhcháín,
Baile Átha Cliath, buaiteoirí Chraobh
Chomórtas Tráth an gCeist Feachtas 2018!
Céard a chreideann Feachtas?
Fís Feachtas
Tá sé mar sprioc againn go spreagtar daoine óga, trí rannpháirteachas in imeachtaí Feachtas, bheith féinmhuiníneach, gníomhach agus bródúil as an nGaeilge agus go mbeidh pobal na Gaeilge níos saibhre dá bharr.
Misean Feachtas
Féachann muid leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil i gcomhpháirt leis na daoine óga.
