
Feachtas
Óg Gluaiseacht Gaeilge




Ar mhaith leat a bheith i
do cheannaire Ógra?
Is deis iontach é seo bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim! Gheobhaidh tú taithí den scoth ar an obair don aos óg agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar.
Cad a dhéanann ceannairí?
Bíonn na ceannairí freagrach as an gclub a reáchtáil. Cuireann siad áit shábháilte shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Bíonn siad i láthair do na seisiúin sheachtainiúla a mhaireann uair go leith. Bíonn páirt lárnach ag na daoine óga féin i reáchtáil an chlub ach bíonn na ceannairí ann mar thacaíocht thábhachtach chun imeachtaí an chlub a éascú.
Conas cur isteach air?
Líon isteach an fhoirm iarratais agus foirm Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána trí chliceáil ar na nasc-chnapaí ar barr, agus téigh i dteagmháil linn!
Céard a deir ár gceannairí?
Áine, Club Óige, Tamhlacht
Pól, Club Óige, Tamhlacht
Is limistéar neamhchoitianta teanga é an club, Ar an ábhar nach bhfuil nósmhaireacht ná rialacha teanga gránta i gcloch, tig linn seilbh ar bhainistíocht theanga an chlub a chur i lámha na mball agus bíonn cúrsaí á reáchtáil ón bhun aníos.
Fuair mé taithí iontach ar bheith ag obair le daoine óga, agus conas grúpa a eagrú.
Bhí deis agam gach seachtain mo chuid Ghaeilge a úsáid agus forbairt a chur uirthi i ndea-shuíomh.
Tá sé go hiontach áit shábháilte agus struchtúrtha a chur ar fáil do dhaoine óga ón gceantar, inar féidir leo a gcuid Ghaeilge a úsáid go minic.
An rud is fearr liom faoi ná gur club do dhéagóirí é agus go bhfuil sé ag feidhmiú trí Ghaeilge, rud atá eisceachtúil!