top of page
Páistí_46999175.png

Feachtas

Óg Gluaiseacht Gaeilge

Ceannairí

Feachtas

Ar mhaith leat a bheith i
do Cheannaire  Óige?

Is deis iontach é seo bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim! Gheobhaidh tú taithí den scoth ar an obair don aos óg agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar.

Cad a dhéanann ceannairí?

Bíonn na ceannairí freagrach as an gclub a reáchtáil. Cuireann siad áit shábháilte shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Bíonn siad i láthair do na seisiúin sheachtainiúla a mhaireann uair go leith. Bíonn páirt lárnach ag na daoine óga féin i reáchtáil an chlub ach bíonn na ceannairí ann mar thacaíocht thábhachtach chun imeachtaí an chlub a éascú.

Conas cur isteach air?

Líon isteach an fhoirm iarratais agus foirm Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána trí chliceáil ar na nasc-chnapaí ar barr, agus téigh i dteagmháil linn!

Cén fáth ar mhaith leat a bheith i do Cheannaire Óige?

Is iomaí cúise atá ann le bheith i do cheannaire óige.

 

Le Feachtas, d'fhéadfadh leat...

  • Rud a thabhairt ar ais don phobal

  • Tacú le forbairt na hóige

  • Freastal ar dhaoine óga áitiúla

  • Féinfhorbairt phearsanta a dhéanamh

  • Bualadh le daoine nua

Cén scileanna ar féidir liom leas a bhaint astu le cur le Feachtas?

Bíonn an-chuid idir lámha ag Feachtas agus bíonn daoine le gach saghas scil de dhíth orainn. 

 

Má's spéis agat a bheith i do cheannaire óige, is iad seo na saghas scileanna ar mhian le Feachtas a fheiceáil. 

  • Éascú grúpa

  • Ealaín

  • Cóitseáil spóirt

  • Forbairt phobail

  • Scileanna coiste

  • Múinteoireacht

  • Eagrú imeachtaí áitiúla

  • Riarachán

  • Lónadóireacht

  • Gnó

  • Scileanna ríomhaireachta

  • Drámaíocht

  • Traenáil

  • Garchabhair

Céard a deir ár gceannairí?

Áine, Club Óige, Tamhlacht

Pól, Club Óige, Tamhlacht

Is limistéar neamhchoitianta teanga é an club, Ar an ábhar nach bhfuil nósmhaireacht ná rialacha teanga gránta i gcloch, tig linn seilbh ar bhainistíocht theanga an chlub a chur i lámha na mball agus bíonn cúrsaí á reáchtáil ón bhun aníos.

Fuair mé taithí iontach ar bheith ag obair le daoine óga, agus conas grúpa a eagrú. Bhí deis agam gach seachtain mo chuid Ghaeilge a úsáid agus forbairt a chur uirthi i ndea-shuíomh. Tá sé go hiontach áit shábháilte agus struchtúrtha a chur ar fáil do dhaoine óga ón gceantar, inar féidir leo a gcuid Ghaeilge a úsáid go minic.

 

An rud is fearr liom faoi ná gur club do dhéagóirí é agus go bhfuil sé ag feidhmiú trí Ghaeilge, rud atá eisceachtúil!

Maitiú, Club Óige, Tamhlacht

bottom of page