

Cé muid?
Is eagraíocht óige Feachtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge. Déanann muid an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacaíonn muid lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil dóibh. Foghlaim níos mó faoi scéal Feachtas anseo!
An rud is fearr liom faoi ná gur club do dhéagóirí é agus go bhfuil sé ag feidhmiú trí Ghaeilge, rud atá eisceachtúil!

Clubanna óige
Buaileann ár gclubanna uair sa tseachtain agus bíonn cruinnithe, gníomhartha, turais, cluichí agus spórt ar siúl ag na daoine óga. Is deis iontach é dóibh bualadh le chéile in áit shábháilte agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge. Tugann an club seans do dhaoine óga foghlaim agus scileanna a fhorbairt trí thaithí phraiticiúil agus bíonn ardú meanman iontu ó bheith neamhspleách agus ag déanamh rúdaí dóibh féin. Tríd an gclub, faigheann siad an deis triail a bhaint as gníomhartha agus eispéiris nua!
Pól
Club Óige, Tamhlacht
Seirbhísí tacaíochta Feachtas
Oibríonn Feachtas go dlúth leis na daoine áitiúla sa cheantar, ag cabhrú leo taithí den chéad scoth a thabhairt dá ndaoine óga. Féachann muid le cur chun cinn na gclubanna a éascú trí na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil saor in aisce do gach club atá cláraithe linn:
Ag bunú clubanna
* Earcaíocht na gceannairí ógra
* Promhadh na gceannairí agus grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
* Poiblíocht agus earcaíocht na ndaoine óga
* Traenáil do na ceannairí ógra (cúram leanaí; dea-chleachtas; garchabhair srl.)
* Léas ar ionad a shocrú
* Clárú leis an mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúil
* Cuntas bainc an chlub a oscailt
* Deontas tosaigh do threallamh
Ag reáchtáil clubanna
* Speansais do reáchtáil an chlub
* Árachas don chlub
* Polasaithe Feachtas ar chúram leanaí srl.
* Poiblíocht rialta faoin gclub agus faoin gceantar ar na meáin
* Cíos don ionad
* Rochtain ar ábhar don ealaíon agus céardaíocht trí bhallraíocht le Recreate.
* Tacaíocht a thabhairt le hiarratais ar dheontais
* Traenáil leanúnach do na ceannairí ógra
* Turais agus imeachtaí móra eagraithe i gcomhar le clubanna Gaeilge eile
Fuair mé taithí iontach ar bheith ag obair le daoine óga, agus conas grúpa a eagrú. Tá sé go hiontach áit shábháilte agus struchtúrtha a chur ar fáil do dhaoine óga ón gceantar, inar féidir leo a gcuid Ghaeilge a úsáid go minic.
Áine
Club Óige, Tamhlacht
Bí páirteach linn!
Mar cheannaire ógra, beidh tú freagrach as cabhrú leis an gclub a reáchtáil. Cuireann ceannairí áit shábháilte, shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Beidh páirt lárnach ag na daoine óga féin i reáchtáil an chlub ach beidh na ceannairí ann mar thacaíocht thábhachtach chun imeachtaí an chlub a éascú. Is deis iontach é do cheannairí bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim. Gheobhaidh tú taithí den scoth ar an obair don aos óg agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar. Má ta spéis agat cabhrú le club óige a reáchtáil do dhaoine óga le Gaeilge i do cheantar féin, léirigh suim thíos: