top of page



Clubanna Óige Feachtas

Club Óige Feachtas, Tamhlacht.
Bíonn an Club Óige Feachtas ar siúil gach Luan i Scoil Santain, Tamhlacht, ó 6.30-8i.n.
Bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl ag na Clubanna Óige, ag brath ar an oíche, idir ealaíon, spórt agus cluichí trí Ghaeilge. Is deis iontach é bualadh le daoine óga eile a bhfuil Gaeilge acu agus cairde nua a dhéanamh!
Cuireann muid imeachtaí ar siúl do Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith le sin eagraíonn Feachtas imeachtaí bliantúla ar nós dioscó, turas Scléip na hÓige, deireadh seachtaine as baile, srl.
Tá fáilte roimh dhaoine óga ó 10-18. Má tá spéis agat nó ag do pháiste a bheith páirteach sa chlub, seol ríomhphost ag eolas@feachtas.ie.

Club Óige Feachtas, Baile Munna
Bíonn Club Óige Feachtas ar siúil i gClub Setanta, CLG, Baile Munna i mBaile Munna gach Aoine ó 6.30-8 i.n.
Aidhmeanna an chlub
Tá sé mar aidhm againn áit shábháilte, bhuan a chur ar fáil do Ghaeil óga ina gceantar áitiúil féin.
Cuireann muid spásanna sóisialta ar fáil inar féidir le daoine óga meascadh le chéile agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge.
Leagann muid an-bhéim ar an bhféinriar agus ar fhéiniúlacht na ndaoine óga. Is iad na daoine óga a dhéanann na cinntí agus a ritheann an club! Feidhmíonn an club le stiúradh ó choiste na mball óg agus bíonn na ceannairí fásta ann le himeachtaí an chlub a éascú.
Más mian leat a bheith i do cheannaire ógra le Feachtas, seol ríomhphost ag eolas@feachhtas.ie.

Club Óige Feachtas, Baile Brigín
Bíonn Club Óige Feachtas, Baile Brigín, ar siúil in Ionad Pobail Comhcheangailte, Sráid Baile Átha Cliath, Baile Brigín, Baile Átha Cliath gach Céadaoin ó 6-7 i.n.
Ar mhaith leat club a thosú?
An bhfuil spéis agat club óige a thosú i do cheantar féin?
Is féidir le Feachtas tacaíocht a thabhairt duit agus an próiséas a éascú! Cabhraíonn muid le:
-
Poiblíocht
-
Earcaíocht
-
Dea-chleachtas
-
Árachas
-
Traenáil
-
Bunú an chlub
-
& go leor eile

Club Óige Feachtas, Baile Lotrail
Bíonn Club Óige Feachtas, Baile Lotrail, ar siúil in Ionad Pobail Baile Lotrail, Bóthar Bhaile an Phoirtéaraigh, Gort Anna, Baile Átha Cliath gach Déardaoin ó 5-6 i.n.
Feachtas
Óg Gluaiseacht Gaeilge
bottom of page