top of page

2017

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas, Dé Máirt, 28 Márta 2017
 

Coláiste  Pádraig Leamhchán curaí na hÉireann Comórtas Tráth na gCeist Feachtas

Dianchomórtas don dara áit ach í buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne sa deireadh
 
 
Is iad scoláirí Choláiste Pádraig Leamhcháin as Baile Átha Cliath buaiteoirí náisiúnta ar Chraobh Comórtas Náisiúnta Tráth na gCeist Feachtas. Thug na scoláirí an svae leo ag ócáid mhór spórtúil in Óstán an Ashling, BÁC Dé Máirt an 28 Márta. Ach is don dara áit a bhí an dianchomórtas ann. D’éirigh le Pobalscoil Chorca Dhuibhne an dara áit a bhaint dóibh féin.
 
Le sé mhí anuas, ghlac 1,000 dalta ó 250 meánscoil agus gaelcholáistí ar fud na tíre páirt i gcraobhacha réigiúnacha an chomórtais.  Bhí 25 scoil san iomaíocht sa bhabhta craoibhe in Óstán Ashling i mBaile Átha Cliath.  Bronnadh duaischiste €1,000 inniu.   Bronnadh €600 ar an fhoireann, Alex Mac Piarais, Ashmed Kalee, Mark Ó Dálaigh agus Mícheál Ó Conghail ó Choláiste Pádraig Leamhchán agus €400 ar an fhoireann Mollie Ní Loibhéad, Eoghan Ó Muircheartaigh, Oisín Ó Dubhagáin agus Luke Mac Diarmad a tháinig sa dara háit
 
Ag caint dí, tar éis an Tráth na gCeist, dúirt Bainisteoir Feachtas, Loretta Ní Churraighín:
 
“Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar an chomórtas i mbliana. Is léiriú é ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge. Tá muid buíoch as an tacaíocht a fuair muid ó scoileanna i mbliana. Thaisteal scoileanna ó Phórt Láirge, Chiarraí, Cill Dara, Baile Átha Cliath Cill Chainnigh agus Dún nan Gall don chraobhchomórtas inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna  a rinne urraíocht ar an chomórtas.”
Dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas:
 “Tá comórtas Tráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d’obair na heagraíochta ó bunaíodh muid in 1980. Is í aidhm Feachtas deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáidí thaitneamacha, spraoiúla.  Déanaim comhghairdeas leis na buaiteoirí inniu agus leis na foirne uilig a bhí linn i mbliana.”
bottom of page