top of page

2020

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas, Dé Máirt, 10 Márta 2020, Óstán Ashling, Baile Átha Cliath

 

Meánscoil Eureka, Co na Mí, Buaiteoirí  2020

Is iad na cailíní ó Meánscoil Eureka,Ceanannas Mór, Co. na Mí a bhain Craobhchomórtas Náisiúnta Tráth na gCeist Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge. 

Bhí géariomaíocht i measc an 20 scoil a ghlac páirt sa chomórtas in Óstán an Ashling, BÁC ar an Mháirt,10 Márta 2020.

Is iad na leaids ó Meánscoil Gharman, Inis Cóirthidh, Loch Gharman a  tháinig sa dara áit.

 

Tháinig dhá scoil sa triú háit, Meánscoil Phádraig, An Droichead Nua,Co. Chill Dara  agus Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

 

Le sé mhí anuas, ghlac beagnach míle dalta meánscoile páirt i gcraobhacha áitiúila ó bhí Deireadh Fómhar ann. 

 

20 scoil a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais in Óstan Ashling, Baile Átha Cliath inniu. Beagnach 110 déagóirí a bhí rannpháirteach i dTráth na gCeist an lae inniu.   

 

Bronnadh duaischiste €1,480 don chomórtas: €600 ar an fhoireann bhuacach Meánscoil Eureka: Kathryn Byrne, Rebecca Williams, Amy Farrelly agus Louise Cullen.

 

Bronnadh €400 ar Meánscoil Loch Gharman: Jamie MacGiolla Dé, Finn Ó Conchubhair, Eoin Ó Conchubhair, agus Jack Ó Cuirc

Bronnadh €240 ar Coláiste Chroí Mhuire Gan Smál: Cillian Ó Laoi, James Mullarkey, Aifric Ní Ghibne, Oisín Ó Coisdealbha

 

Agus an triú áit eile, Meánscoil Phádraig: Daniel Joyce, Gavin Mitten, Cillian Fee agus Blazejei Blazej.

“Beagnach 1,000 déagóir ó mhéanscoileanna Béarla agus Gaelcholáistí  na tíre a bhí páirteach i mbabhtaí an chomórtais i mbliana, a reachtáladh go híomlán trí Ghaeilge. 

“Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo. Is léiriú é ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge agus iad ag teacht tríd an chóras oideachais,” arsa Loretta Ní Churraighín, bainisteoir Feachtas.

 

“Is é an aidhm atá ag Feachtas ná chun deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga Ghlac gach foireann páirt sna réamhbhabhtaí lasmuigh de am scoile.”

“Tá comórtas Tráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d’obair Feachtas ó bunaíodh é in 1980 agus é mar aidhm seans a thabhairt do dhaoine sna méanscoileanna atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid thaitneamhach. Bíonn duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus bíonn an-spraoi ag na hiomaitheoirí ar fad.

 

 “Tá muid ar bís inniu agus muid ag  céiliúradh 40 bhliain ar an bhfod”, a dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas.

bottom of page