top of page

2018

Coláiste Phádraig, Leamhcán, Co BÁC, buaiteoirí na bliana

Ba iad scoláirí Choláiste Phádraig, Leamchán a bhain Craobhchomórtas Náisiúnta Tráth na gCeist Feachtas. Bhí géariomaíocht i measc an 28 scoil a ghlac páirt sa chomórtas in Óstán an Ashling, BÁC. Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig, An Uaimh, Co. na Mí a tháinig sa dara háit. 

 
Le sé mhí anuas, ghlac 1,000 dalta ós cionn 150 meánscoil agus gaelcholáiste ar fud na tíre páirt i gcraobhacha réigiúnacha an chomórtais.  Bhí 28 scoil san iomaíocht sa bhabhta craoibhe in Óstán Ashling i mBaile Átha Cliath.  Bronnadh duaischiste €1,000: €600 ar an scoil buacach agus €400 ar an fhoireann Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig a tháinig sa dara háit
 
Ag caint dí, tar éis an Tráth na gCeist, dúirt Bainisteoir Feachtas, Loretta Ní Churraighín:
“Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar an chomórtas arís i mbliana. Is léiriú é ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge a labhairt agus muid i lár Seachtaine agus Bliain na Gaeilge 2018.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a thugann urraíocht dúinn, agus   An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna  a thug  urraíocht don Chraobh inniu.
Dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas:
 “Tá comórtas Tráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d’obair na heagraíochta ó bunaíodh muid in 1980. Is é aidhm Feachtas deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid taitneamacha, spraoiúla.  Déanaim comhghairdeas leis na buaiteoirí inniu agus leis na foirne uilig a bhí linn i mbliana.”
bottom of page