top of page

2021

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas, Dé Máirt, 20 Aibreán 2021, Ar Líne

 

Coláiste Mhuire, Cabhrach, Buaiteoirí  2021

Is iad na daltaí ó Choláiste Mhuire, Cabhrach a bhain Craobhchomórtas Náisiúnta Tráth na gCeist Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge. 

I suíomh iomlán nua do chách, bhí comórtas den scoth idir an  13 scoil a ghlac páirt sa chraobh ar líne.

Is iad na leaids ó Ardscoil Uí Urmoltaigh, Droichead na Banda a  tháinig sa dara áit.

 

Tháinig na cailíní ó Choláiste Oiriall, Muineacháin sa tríú áit.

 

21 foireann ó 13 scoil a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais ar líne inniu. Bhí 84 duine óga in iomaíocht lena chéile. 

20230731_101937.jpg

Bronnadh duaischiste €1,240 don chomórtas: €600 ar an fhoireann bhuacach Coláiste Mhuire, Cabhrach: Hollie Ní Chionnaith, Kayleigh Cúipéir, Cáit Ní Mhaoilmhiaigh, Tomás Ó Conaill.

20230731_101944.jpg

Bronnadh €400 ar Ardscoil Uí Urmoltaigh, Droichead na Banda: Seán Hilliard, Darragh Mac Cárthaigh, Séamus O'Halloran, Conor Ó Súilleabháin

20230731_101949.jpg

Bronnadh €240 ar Choláiste Oiriall, Muineachán: Derbhla Ní Ghallchóir, Emma Nic Giolla Easpaigh, Niamh De Paor, Ellen Nig Fhlionn.

bottom of page