top of page
Páistí_46999175.png

Feachtas

Óg Gluaiseacht Ghaeilge

Barr an lgh 1
Le_cur_ar_leathanach_na_gceannair°_in_i
Obar dheonach
Cúramóírí 1

Ar mhaith leat a bheith
ag obair linn?

 

Is eagraíocht óige í Feachtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge. Déanann muid an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacaíonn muid lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil dóibh. Is óg-eagras deonach muid, agus brathann muid ar oibrithe iontacha deonacha chun ár gclár a chur ar fáil. Caithfidh gach oibrí deonach le Feachtas a bheith sásta dul faoi ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána. Seachas do ról mar dhearthóir, caithfidh gach oibrí deonach a bheith thar 18.

 

Seo a leanas na folúntais a bhfuil ann faoi láthair:

 

Ceannaire Club Óige

 

Clubanna óige

Buaileann ár gclubanna uair sa tseachtain agus bíonn cruinnithe, gníomhartha, turais, cluichí agus spórt ar siúl ag na daoine óga. Is deis iontach é dóibh bualadh le chéile in áit shábháilte agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge. Is í an aoisghrúpa atá ann faoi láthair sna clubanna ná 10-18. Tugann an club seans do dhaoine óga foghlaim agus scileanna a fhorbairt trí thaithí phraiticiúil agus bíonn ardú meanman iontu ó bheith neamhspleách agus ag déanamh rúdaí dóibh féin. Tríd an gclub, faigheann siad an deis triail a bhaint as gníomhartha agus eispéiris nua!

 

Mar cheannaire ógra, beidh tú freagrach as cabhrú leis an gclub óige a reáchtáil. Cuireann ceannairí áit shábháilte, shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Beidh páirt lárnach ag na daoine óga féin i reáchtáil an chlub ach beidh na ceannairí ann mar thacaíocht thábhachtach chun imeachtaí an chlub a éascú.

Is deis iontach é do cheannairí bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim. Gheobhaidh tú taithí den scoth ar an obair don aos óg agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar. Gheobhaidh tú traenáil sa gharchabhair agus sa chúram leanaí, maraon le traenáil eile.

 

Faoi láthair tá muid ag lorg ceannairí sna clubanna seo a leanas:

  • Club Óige Feachtas Baile Munna, Club Setanta, CLG, Bóthar Baile Munna,  
    Baile Munna, BÁC 9, Dé hAoine, 6.30-8.00

  • Club Óige Feachtas Tamhlacht, Scoil Santain, Bóthar na hAbhann Mór, Tamhlacht, BÁC 24
Dé Luain, 6.30-8.00)

  • Bíonn Club Óige Feachtas, Baile Brigín, ar siúl gach Máirt in Ionad Foróige, Ionad Oideachas Chaisleán an Mhuilinn, Bhaile an Phléimeannaigh/Flemington, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath. Aoisghrúpa 10-13 ar siúl ó 5.30-6.30 i.n. agus aoisghrúpa 14-18 ar siúl ó 5.30-6.30 i.n.

 

Taithí iontach d’aon duine ar mhaith leo dul isteach sa mhúinteoireacht/obair óige/earnáil na Gaeilge. Is féidir a bheith páirteach de chéim amháin den Tráth na gCeist nó de gach rud.

 

Más spéis leat a bheith páirteach linn agus taithí iontach a fháil, téigh i dteagmháil linn ag:

loretta@feachtas.ie

01 8656758 / 087 904 6136

 

bottom of page