top of page


Club Óige Feachtas

Club Óige Feachtas, Tamhlacht. Bíonn an Club Óige Feachtas ar siúl gach Luan i Scoil Santain, Tamhlacht, ó 6.30-8i.n.
Bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl ag na Clubanna Óige, ag brath ar an oíche, idir ealaíon, spórt agus cluichí trí Ghaeilge. Is deis iontach é bualadh le daoine óga eile a bhfuil Gaeilge acu agus cairde nua a dhéanamh!
Cuireann muid imeachtaí ar siúl do Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith le sin eagraíonn Feachtas imeachtaí bliantúla ar nós dioscó, turas scléip na hÓige agus deireadh seachtaine as baile srl.
Tá fáilte roimh dhaoine óga ó 10-18. Má tá spéis agat nó ag do pháiste a bheith páirteach sa chlub, déan teagmháil linn anseo.

Bíonn Club Óige Baile Munna ar siúl i gClub Setanta, CLG, Baile Munna i mBaile Munna gach Aoine ó 6.30-8 i.n.
Aidhmeanna an chlub
Tá sé mar aidhm againn áit shábháilte, bhuan a chur ar fáil do Ghaeil óga ina gceantar áitiúil féin.
Cuireann muid spásanna sóisialta ar fáil inar féidir le daoine óga meascadh le chéile agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge.
Leagann muid an-bhéim ar an bhféinriar agus ar fhéiniúlacht na ndaoine óga. Is iad na daoine óga a dhéanann na cinntí agus a ritheann an club! Feidhmíonn an club le stiúradh ó choiste na mball óg agus bíonn na ceannairí fásta ann le himeachtaí an chlub a éascú.
Más mian leat a bheith i do cheannaire ógra le Feachtas, déan teagmháil linn anseo.

Bíonn Club Óige Feachtas, Baile Brigín, ar siúl gach Máirt in Ionad Foróige, Ionad Oideachas Chaisleán an Mhuilinn, Bhaile an Phléimeannaigh/Flemington, Aoisghrúpa 10-13 ar siúl ó 5.30-6.30i.n agus aoisghrúpa 14-18 ar siúl ó 5.30-6.30i.n
Ar mhaith leat club a thosú?
An bhfuil spéis agat club óige a thosú i do cheantar féin?
Is féidir le Feachtas tacaíocht a thabhairt duit agus an próiséas a éascú! Cabhraíonn muid le:
-
Poiblíocht
-
Earcaíocht
-
Dea-chleachtas
-
Árachas
-
Traenáil
-
Bunú an chlub
-
& go leor eile.
Más spéis leat club a thosú i do cheantar áitiúil, faigh tuilleadh eolais anseo!

Feachtas
Óg Gluaiseacht Gaeilge
bottom of page