top of page

2019

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas, Dé Máirt, 5 Márta 2019
Óstán Ashling, Baile Átha Cliath
 

Scoil Naomh Seosaimh, Co an Chláir, na seaimpíní

Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig, An Uaimh, Co na Mí sa dara háit
Is í  Scoil Naomh Seosaimh, Coláiste Rinn na Spáinneach, Co an Chláir buaiteoirí náisiúnta ar Chraobh Comórtas Tráth na gCeist Feachtas  2019.  Is Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig, An Uaimh, Co na Mí  a tháinig sa dhara áit.
 
Le sé mhí anuas, ghlac beagnach míle daltaí méanscoile mar chuid d’fhoirne ceathrar páirt i gcraobhacha réigiúnacha ó bhí Méan Fómhar ann. 
 
30 foireann a  bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais in Óstan Ashling, Baile Átha Cliath inniu. Beagnach 150 déagóirí a bhí rannpháirteach i dTráth na gCeist an lae inniu.   
 
Bronnadh duaischiste €1,000 don chomórtas. Bronnadh €600 ar an fhoireann bhuacach Scoil Naomh Seosaimh, Coláiste Rinn na Spáinneach agus €400 ar Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig, An Uaimh, Co na Mí
 
“Beagnach 200 déagóir ó mhéanscoileanna Béarla agus Gaelcholáistí  na tíre a bhí páirteach i mbabhtaí an chomórtais i mbliana, a réachtlaíodh go híomlán trí Ghaeilge. Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo agus is léiriú é fosta ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge agus iad ag teacht tríd an chóras oideachais,” arsa Loretta Ní Churraighín, bainisteoir Feachtas.
 
“Is é an aidhm atá ag Feachtas ná chun deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, agus ghlac gach foireann páirt sna réamhbhabhtaí de lasmuigh den am scoile.”

“Tá comórtas Tráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d’obair Feachtas ó bunaíodh é in 1980 agus é mar aidhm seans a thabhairt do dhaoine sna méanscoileanna atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid thaitneamhach agus bíonn duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus bíonn an spraoi ag na hiomaitheoirí ar fad,” a dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas.
bottom of page