top of page

Folúntas

Feachtas Logo PNG LARGE.png
Oifigeach Forbartha Óige (páirtaimseartha)
Tá Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge ag earcú Oifigeach Forbartha Óige (páirtaimseartha) ar chonradh bliana (18 uair sa tseachtain)
Is eagraíocht óige í Feachtas, a bhfuil sé d’aidhm aici an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus cuidiú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta. Déantar é seo trí chlubanna óige agus imeachtaí sóisialta a eagrú i gcomhpháirt leo.
Tá an post seo mar Oifigeach Forbartha Óige maoinithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige tríd an Scéim Deontas do Sheirbhísí Óige.
Beidh an tOifigeach Forbartha Óige freagrach as clubanna óige a bhunú, a mhaoirsiú, agus a láidriú chun deis a thabhairt do dhaoine páirt iomlán a ghlacadh i ngníomhaíochtaí óige trí mheán na Gaeilge.
Beidh an té a roghnófar lonnaithe in oifig Feachtas i dTamhlacht.
Beidh na dualgais seo a leanas ina gcuid lárnach den phost:
  • Clubanna óige pobail a bhunú agus a mhaoirsiú faoi threoir an
    bhainisteora agus Coiste Ceannais Feachtas 
  • Tacaíocht agus traenáil a chur ar fáil do cheannairí chun cláracha
    oibre don óige a sholáthar sna clubanna
  • Cabhair agus tacaíocht a thabhairt do chlubanna chun maoiniú agus
    deontais a aimsiú;
  • Cabhrú leis na clubanna cloí le polasaithe agus spriocanna na heagraíochta
  • Imeachtaí agus turais a eagrú mar chuid d’fhoireann Feachtas
  • Na meáin shóisialta a bhainistiú;
 
Riachtanais:
•   Taithí ar Obair Óige
•   Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
•   Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide
•   Scileanna maithe eagrúcháin agus riaracháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
 
Inmhianaithe
 
• Cáilíocht chuí sa Ghaeilge nó san obair Óige nó a chomhionann
• Ceadúnas glan tiomána agus teacht ar charr
 
Iarratas:
    Ní mór (i) litir iarratais agus (ii) CV iomlán a chur le ríomhphost chuig Pádraigín Nic Ghearailt ag cathaoirleach@feachtas.ie
 
 
    •    roimh 12.00 i.n. Dé Luain, 31 Lúnasa  
    •    Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
bottom of page