top of page

AR MHAITH LEAT A BHEITH AG OBAIR LINN?

 

Fúinn

Is eagraíocht óige í Feachtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge. Déanann muid an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacaíonn muid lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil dóibh. Is óg-eagras deonach muid, agus brathann muid ar oibrithe iontacha deonacha chun ár gclár a chur ar fáil. Caithfidh gach oibrí deonach le Feachtas a bheith sásta dul faoi ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána. Seachas do ról mar dhearthóir, caithfidh gach oibrí deonach a bheith thar 18.

 

Seo a leanas na folúntais a bhfuil ann faoi láthair:

 

Ceannaire Club Óige

 

Clubanna óige

Buaileann ár gclubanna uair sa tseachtain agus bíonn cruinnithe, gníomhartha, turais, cluichí agus spórt ar siúl ag na daoine óga. Is deis iontach é dóibh bualadh le chéile in áit shábháilte agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge. Is í an aoisghrúpa atá ann faoi láthair sna clubanna ná 11-14. Tugann an club seans do dhaoine óga foghlaim agus scileanna a fhorbairt trí thaithí phraiticiúil agus bíonn ardú meanman iontu ó bheith neamhspleách agus ag déanamh rúdaí dóibh féin. Tríd an gclub, faigheann siad an deis triail a bhaint as gníomhartha agus eispéiris nua!

 

Mar cheannaire ógra, beidh tú freagrach as cabhrú leis an gclub óige a reáchtáil. Cuireann ceannairí áit shábháilte, shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Beidh páirt lárnach ag na daoine óga féin i reáchtáil an chlub ach beidh na ceannairí ann mar thacaíocht thábhachtach chun imeachtaí an chlub a éascú.

Is deis iontach é do cheannairí bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim. Gheobhaidh tú taithí den scoth ar an obair don aos óg agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar. Gheobhaidh tú traenáil sa gharchabhair agus sa chúram leanaí, maraon le traenáil eile.

 

Faoi láthair tá muid ag lorg ceannairí sna clubanna seo a leanas:

Baile Munna - Dé hAoine 6.30-8, Ionad Axis, Baile Munna

Tamhlacht - Dé Luain, 6.30-8, Rua Red (in aice le Stad Luas an Cearnóg, Tamhlacht)

Baile Brigín – Dé Máirt, 6-7.30, Halla Spóirt Ghaelscoil Bhaile Brigín

 

Taithí iontach d’aon duine ar mhaith leo dul isteach sa mhúinteoireacht/obair óige/earnáil na Gaeilge. Is féidir a bheith páirteach de chéim amháin den Tráth na gCeist nó de gach rud.

 

Dearthóir

Tá oibrí deonach ag teastáil ó Feachtas chun dearadh griangraif/lógónna a dhéanamh dar suíomh agus meáin chumarsáide. Cead obair as baile má oireann sé sin. Sampla maith do phortfóilió, tabharfar teistiméireacht.

 

 

Más spéis leat a bheith páirteach linn agus taithí iontach a fháil, téigh i dteagmháil linn ag:

loretta@feachtas.ie

nó 01 672 5940 / 087 904 6136

 

 

 

 

Folúntais d'oibrithe deonacha

bottom of page