Tuistí agus cúramóirí

CÉARD A BHÍONN AR SIÚL?
Bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl ann ag brath ar an oíche idir ealaíon, spórt, agus cluichí trí Ghaeilge. Téann na daoine óga ar thuras ó am go chéile. Tugann Feachtas deis do bhaill a bheith páirteach i Scléip na hÓige freisin agus casadh le Gaeil óga eile.
MAR EOLAS
Déantar promhadh agus grinnfhiosrúchán ar gach oibrí deonach atá ag obair linn. Tá an club clúdaithe ag polasaithe agus ag árachas Feachtas.
CONAS FREASTAL?
Má theastaíonn uait eolas a fháil faoi Chlub Óige Feachtas, téigh i dteagmháil linn! Líon isteach an fhoirm cheadaithe thíos chun do dhuine óg a chlárú linn!
Céard a deir ár mbaill?
Bíonn muid ag spraoi sa chlub!
Emily, 12
Hannah, 12
Is maith liom a bheith ag dul ar thurais!
Aran, 12
Is maith liom an Club mar tá mo chairde anseo!
Is breá liom é! Bíonn cluichí againn, bíonn cruinniú againn, téann muid ar thurais agus bíonn muid ag caint le chéile!
Jessica, 12