top of page
Páistí_46999175.png

Feachtas

Óg Gluaiseacht Gaeilge

Campa Samhraidh 

Lahinch Day 3 2019-0928.jpg
Teagasc surfála: Pic: Annette McDonnell

nó…

Sporty Girls
Fear_buí_agus_liath.png

Bíonn Campaí Samhraidh ar siúl ag Feachtas i mí Iúil agus Lúnasa i mBaile Munna agus i dTamhlacht, BAC.

Sonraí na Campaí 

Eagraítear na campaí ó Luan go hAoine don tseachtain cuí, 10rn go 2.30in.

Beidh Campa Tamhlacht ar siúl ó 26ú Iúil - 30ú Iúil 2021.

Aois-ghrúpa na gcampaí

Campa Tamhlacht: 8-15

Campa Baile Munna: 10-17

 

Le haghaidh tuilleadh eolas faoi champaí Samhraidh Feachtas dean teagháil linn ar eolas@feachtas.ie nó 087 904 6136 

Éiríonn go hiontach leis na campaí ar fad agus baineann na páistí uilig an-spraoi astu. Bíonn deis ag na páistí an méid Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh spraoiúil, taitneamhach.

Bíonn ceardlanna socras, seó tallaine, lá spóirt, damhsa, turas chuig Tayto Park agus a lán eile!

 Déanann na campaí forbairt ar féinmhuinín an duine óg agus in úsáid an teanga - cothaíonn siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaithe, chomh maith le scileanna gaolta, agus tuiscint ginearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal, tríd rannpháirtíocht i dtimpeallacht spraoiúil, sábháilte. Táimid fíorbhródúil go bhfaigheann muid aiseolas den scoth ó na daoine óga a thagann chuig na campaí - agus a dtuismitheoirí! - agus táimid tiomanta ar feabhas a chur ar na campaí bliain ar bhliain. ​

Tá muid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge, Comhairle le Leas ÓG agus don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige as ucht maoiniú a chur ar fáil do na campaí.

Feile Peile 2 -0010.jpg
bottom of page