Bunaíodh Feachtas sa bhliain…
1980
chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus chun cuidiú le forbairt phearsanta agus shóisialta an duine óig. Déanann muid freastal ar dhaoine óga san aoisghrúpa
10-18
mbliana d’aois.
Is eagraíocht óige dheonach Feachtas. Tá muid mar bhalleagras de Chomhairle Náisiúnta na nÓg agus glacann muid páirt ghníomhach i gcúrsaí óige agus i gcúrsaí Gaeilge. Tá muid lonnaithe i mBaile Átha Cliath.
Eagraíonn muid clubanna óige agus imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge chun gréasáin shóisialta de Ghaeilgeoirí óga a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil a chur chun cinn. Creideann Feachtas gurb í úsáid na Gaeilge sa phobal i measc an aosa óig an rud is tábhachtaí do thodhchaí na teanga. Tá sé mar aidhm againn úsáid shóisialta na Gaeilge a éascú trí ghréasáin a fhorbairt do lucht óg na Gaeilge.
Meon
Feachtas

Trí chlár fiúntach a chur ar fáil, cuirfear le pobal óg na Gaeilge agus tabharfar tacaíocht dóibh an teanga a labhairt go sóisialta as a stuaim féin. Leagtar béim ar an spraoi agus ar fhéinmhuinín an duine óig a chothú sna himeachtaí agus sa chlub óige.
Ba mhaith linn an tábhacht a bhaineann le féiniúlacht an duine óig a léiriú sna seisiún den chlub óige agus go bhfeicfidh na daoine óga an tábhacht a bhaineann lena dteanga agus a n-oidhreacht lasmuigh de chomhthéacs na scoile.
Feidhmíonn Feachtas trí na hoibrithe iontacha deonacha a bhíonn ag obair linn. Tá beirt oifigeach fostaithe agus bord stiúrtha deonach againn. Tá foireann láidir d'oibrithe deonacha againn a bhíonn ag obair lenár mbaill ó lá go lá.
Má tá spéis agat polasaithe Feachtas a léamh, cliceáil anseo.