
Feachtas
Óg Gluaiseacht Gaeilge




Ceannairí
Feachtas
Ar mhaith leat a bheith i
do Cheannaire Óige?
Is deis iontach é seo bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim! Gheobhaidh tú taithí den scoth ar an obair don aos óg agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar.
Cad a dhéanann ceannairí?
Bíonn na ceannairí freagrach as an gclub a reáchtáil. Cuireann siad áit shábháilte shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Bíonn siad i láthair do na seisiúin sheachtainiúla a mhaireann uair go leith. Bíonn páirt lárnach ag na daoine óga féin i reáchtáil an chlub ach bíonn na ceannairí ann mar thacaíocht thábhachtach chun imeachtaí an chlub a éascú.
Conas cur isteach air?
Líon isteach an fhoirm iarratais agus foirm Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána trí chliceáil ar na nasc-chnapaí ar barr, agus téigh i dteagmháil linn!
Cén fáth ar mhaith leat a bheith i do Cheannaire Óige?
Is iomaí cúise atá ann le bheith i do cheannaire óige.
Le Feachtas, d'fhéadfadh leat...
-
Rud a thabhairt ar ais don phobal
-
Tacú le forbairt na hóige
-
Freastal ar dhaoine óga áitiúla
-
Féinfhorbairt phearsanta a dhéanamh
-
Bualadh le daoine nua
Cén scileanna ar féidir liom leas a bhaint astu le cur le Feachtas?
Bíonn an-chuid idir lámha ag Feachtas agus bíonn daoine le gach saghas scil de dhíth orainn.
Má's spéis agat a bheith i do cheannaire óige, is iad seo na saghas scileanna ar mhian le Feachtas a fheiceáil.
-
Éascú grúpa
-
Ealaín
-
Cóitseáil spóirt
-
Forbairt phobail
-
Scileanna coiste
-
Múinteoireacht
-
Eagrú imeachtaí áitiúla
-
Riarachán
-
Lónadóireacht
-
Gnó
-
Scileanna ríomhaireachta
-
Drámaíocht
-
Traenáil
-
Garchabhair
Céard a deir ár gceannairí?
Áine, Club Óige, Tamhlacht
Pól, Club Óige, Tamhlacht
Is limistéar neamhchoitianta teanga é an club, Ar an ábhar nach bhfuil nósmhaireacht ná rialacha teanga gránta i gcloch, tig linn seilbh ar bhainistíocht theanga an chlub a chur i lámha na mball agus bíonn cúrsaí á reáchtáil ón bhun aníos.
Fuair mé taithí iontach ar bheith ag obair le daoine óga, agus conas grúpa a eagrú. Bhí deis agam gach seachtain mo chuid Ghaeilge a úsáid agus forbairt a chur uirthi i ndea-shuíomh. Tá sé go hiontach áit shábháilte agus struchtúrtha a chur ar fáil do dhaoine óga ón gceantar, inar féidir leo a gcuid Ghaeilge a úsáid go minic.
An rud is fearr liom faoi ná gur club do dhéagóirí é agus go bhfuil sé ag feidhmiú trí Ghaeilge, rud atá eisceachtúil!