top of page
Páistí_46999175.png

Feachtas

Óg Gluaiseacht Ghaeilge

Obair Dheonach Feachtas

Le_cur_ar_leathanach_na_gceannair°_in_i

Ar mhaith leat a bheith
ag obair linn?

 

Is eagraíocht óige í Feachtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge. Déanann muid an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacaíonn muid lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil dóibh. Is óg-eagras deonach muid, agus brathann muid ar oibrithe iontacha deonacha chun ár gclár a chur ar fáil. Caithfidh gach oibrí deonach le Feachtas a bheith sásta dul faoi ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána. Seachas do ról mar dhearthóir, caithfidh gach oibrí deonach a bheith thar 18.

 

 

Ceannaire Club Óige

 

Clubanna óige

Buaileann ár gclubanna uair sa tseachtain agus bíonn cruinnithe, gníomhartha, turais, cluichí agus spóirt ar siúl ag na daoine óga. Is deis iontach é dóibh bualadh le chéile in áit shábháilte agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge. Is í an t-aoisghrúpa atá ann faoi láthair sna clubanna ná 10-18. Tugann an club seans do dhaoine óga foghlaim agus scileanna a fhorbairt trí thaithí phraiticiúil agus bíonn ardú meanman iontu ó bheith neamhspleách agus ag déanamh rúdaí dóibh féin. Tríd an gclub, faigheann siad an deis triail a bhaint as gníomhartha agus eispéiris nua!

 

Mar cheannaire óige, beidh tú freagrach as cabhrú leis an gclub óige a reáchtáil. Cuireann ceannairí áit shábháilte, shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Beidh páirt lárnach ag na daoine óga féin i reáchtáil an chlub ach beidh na ceannairí ann mar thacaíocht thábhachtach chun imeachtaí an chlub a éascú.

Is deis iontach é do cheannairí bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim. Gheobhaidh tú taithí den scoth ar an obair don aos óg agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar. Gheobhaidh tú traenáil sa gharchabhair agus sa chúram leanaí, maraon le traenáil eile.

 

Faoi láthair tá muid ag lorg ceannairí sna clubanna seo a leanas:

  • Club Óige Feachtas, Baile Munna: Club Setanta, CLG, Bóthar Baile Munna,  
    Baile Munna, BÁC 9, Dé hAoine, 6.30-8.00

  • Club Óige Feachtas, Tamhlacht: Scoil Santain, Bóthar na hAbhann Mór, Tamhlacht, BÁC 24
Dé Luain, 6.30-8.00

  • Club Óige Feachtas, Baile Brigín: Ionad Pobail Comhcheangailte, Sráid Baile Átha Cliath, Baile Brigín, Co Baile Átha Cliath, Dé Chéadaoin, 6-7.

  • Club Óige Feachtas, Baile Lotrail: Ionad Pobail Baile Lotrail, Bóthar Bhaile an Phoirtéaraigh, Cluain Saileach, BÁC 15, Déardaoin, 5-6.

 

Taithí iontach d’aon duine ar mhaith leo dul isteach sa mhúinteoireacht/obair óige/earnáil na Gaeilge. Is féidir a bheith páirteach de chéim amháin den Tráth na gCeist nó de gach rud.

 

Más spéis leat a bheith páirteach linn agus taithí iontach a fháil, téigh i dteagmháil linn ag:

loretta@feachtas.ie

01 466 2487 / 087 904 6136

 

Barr an lgh 1
bottom of page