Folúntas Poist
Eolas:
Is post páirtaimseartha é seo (21 uair sa tseachtain).
Is eagraíocht óige í Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm aici an Ghaeilge a chur chun cinni measc daoine óga agus tacú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta. Déantar é seo trí chlubanna óige agus imeachtaí sóisialta a eagrú i gcomhpháirtíocht leo, trí mheán na Gaeilge.
Tá clubanna óige againn i dTamhlacht, i mBaile Brigín, i mBaile Lotrail, agus i mBaile Munna.
Tá an ról an Oifigigh Obair Óige á mhaoiniú ag an Roinn leanaí agus Oideachais tríd an Scéim Deontais do Sheirbhísí Óige.
Tá ár n-oifig lonnaithe i dTamhlacht, Baile Átha Cliath. Beidh rogha ann cianobair a dhéanamh ó am go chéile.
Príomhdhualgais:
- Clubanna óige a mhaoirsiú faoi threoir an bhainisteora agus an Choiste Ceannais.
- Freastal ar chlubanna óige um thráthnóna.
- Tacaíocht agus traenáil a chur ar fáil do cheannairí agus do na baill óga.
- Tacú leis na clubanna cloí le polasaithe agus spriocanna na heagraíochta.
- Imeachtaí agus turais a eagrú mar chuid den fhoireann.
- Tacú le hiarratais agus tuairiscí deontais a chomhlánú.
- Obair riaracháin agus teagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí.
- Obair ar na meáin shóisialta agus an suíomh idirlín a choinneáil suas chun dáta.
Riachtanais:
- Taithí ar obair óige (ar a laghad bliain amháins de thaithí ar obair óige).
- Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh.
- Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide.
- Scileanna maithe eagrúcháin agus riaracháin, scileanna ríomhaireachta san áireamh.
Inmhiantaithe:
- Cáilíocht chuí sa Ghaeilge nó san obair óige nó a chomhionann.
- Ceadúnas glan tiomána agus teacht ar charr.
Tuarastal:
- Is é an tuarastal don phost ná €18 in aghaidh na huaire.
- Cuirfear traenáil ar fáil.
Iarratas:
- Ní mór (i) litir iarratais agus (ii) CV iomlán a chur le ríomhphost chuig an Cathaoirleach ag eolas@feachtas.ie.
- Spriocdháta d'iarratais: 8 Bealtaine 2026, 17:00
Tá an ról seo á mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige.