Eolas agus Rialacha maidir leis na Réamhbhabhtaí de Thráth na gCeist Boird – Feachtas 2026–2027

 

Eolas faoi Tráth na gCeist Náisiúnta Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge 2026–2027

Tá Tráth na gCeist Náisiúnta Feachtas á eagrú do Ghaelcholáistí agus do scoileanna Béarla arís i mbliana.

Tugann sé deis do dhaltaí sóisearacha agus sinsearacha a scileanna Gaeilge a fhorbairt, obair mar fhoireann agus spraoi a bhaint as an Ghaeilge.

Beidh na réamhbhabhtaí ar siúl ó lár mí Mheán Fómhair 2026 go mí Eanáir 2027. Rachaidh na buaiteoirí ó na réamhbhabhtaí ar aghaidh chuig an Chraobhchomórtas. Beidh an chéad duais agus an dara duais le buachan.

Beidh an Chraobhchomórtas ar siúl i mBaile Átha Cliath Déardaoin, an 4 Márta 2027, in Ionad F2, Rialto, Baile Átha Cliath.

Má tá spéis ag do rang nó ag do scoil páirt a ghlacadh, téigh i dteagmháil linn ag trathnagceist@feachtas.ie / 086 174 4473 le haghaidh tuilleadh eolais.

Is féidir na rialacha a fháil síos.

       

      Rialacha

      • Tá ceathrar ar gach foireann – beirt ón tsraith shinsir agus beirt ón tsraith shóisearach. Is é sin, beirt atá tar éis an Teastas Sóisearach a dhéanamh agus beirt nach bhfuil. Áirítear daoine atá san idirbhliain mar shinsir. Iarrfar cén bhliain ina bhfuil gach duine sa bhfoirm chlárúcháin don Réamhbhabhta.
      • Cuirtear na ceisteanna i nGaeilge agus mínítear gach rud i nGaeilge.
      • Tá cead ag na hiomaitheoirí na ceisteanna a fhreagairt i mBéarla, ach amháin i gcás aon cheiste a deirtear leo a fhreagairt i nGaeilge. Bíonn súil againn go bhfreagróidh daoine ó na Gaelcholáistí agus ó na Gaeltachtaí i nGaeilge.
      • Bíonn sé bhabhta i ngach comórtas réamhbhabhta. Bíonn babhta ar leith ar cheol agus babhta ar leith ar phictiúir a aithint. Bíonn na ceithre bhabhta eile measctha.
      • Tá cead ag na hiomaitheoirí freagraí agus an scór a cheistiú, ach is ag moltóirí na hoíche atá an cinneadh deireanach.
      • Caithfear na fóin phóca a mhúchadh agus a chur sna málaí sula dtosaíonn an comórtas.

       

      Is é an táille €25.00 don fhoireann, fiú má tá níos lú ná ceathrar ar an bhfoireann. Bailítear na táillí ó na múinteoirí ag tús an chomórtais, nó is féidir leis na múinteoirí iad a sheoladh chugainn roimhré. Tugtar admhálacha do na múinteoirí ag na réamhbhabhtaí, agus sonraisc, más gá. Más mian leis an scoil íoc go leictreonach, is féidir é sin a dhéanamh.

      • Má fheileann sé don scoil, cuirfear sonrasc roimh ré chuig an BOO/ETB cuí ag lorg na táille. Baineann sé sin leis na scoileanna atá faoi stiúir na mBord Oideachais agus Oiliúna.
      • Ní féidir réamhbhabhta a chur ar siúl mura bhfuil, ar a laghad, ocht mbord ag freastal air. Má bhíonn idir ocht agus dhá bhord déag i láthair, téann an fhoireann sa chéad áit ar aghaidh chuig an gCraobh i mBaile Átha Cliath i mí an Mhárta. Má bhíonn dhá bhord déag nó níos mó i láthair, rachaidh an fhoireann sa dara háit ar aghaidh chomh maith.
      • Duaiseanna: I gcás na réamhbhabhtaí, tugtar bonn do gach duine ar na foirne a thagann sa chéad áit, agus sa dara háit má bhíonn dhá bhord déag nó níos mó i láthair. Beidh teastas ann do gach duine a fhreastalaíonn ar an oíche. Bíonn spotduaiseanna ann freisin.
      • Bheimis buíoch as cabhair a fháil ó bheirt nó triúr múinteoirí a thagann leis na foirne, chun na ceisteanna a cheartú. Baineann sé seo leis na réamhbhabhtaí amháin.
      • Braitheann am agus lá an Réamhbhabhta ar an scoil atá ag cur an t-ionad ar fáil.
      • Tá cead ag an scoil atá ag cur an t-ionad ar fáil an oiread bord agus is mian leo a chur isteach sa chomórtas. Níor cheart go mbeadh níos mó ná trí bhord ag scoileanna eile gan cead.
      • Chun bheith cláraithe don Réamhbhabhta, caithfidh an fhoirm iarratais a bheith againn roimh ré. Is fearr í a sheoladh go leictreonach.
      • Is féidir an fhoirm chlárúcháin, agus ainmneacha na ndaoine óga uirthi, a thabhairt dúinn ag an imeacht. Is fearr go mbeadh sí líonta isteach roimh thús an Réamhbhabhta. 

      Uimhir Charthanachta: 20052508                 

      Uimhir chláraithe cánach:    4734511F