top of page
Páistí_46999175.png

Feachtas

Óg Gluaiseacht Gaeilge

Club

Feachtas

a bhunú

Loretta agus Sam.jpg

An rud is fearr liom faoi ná gur club do dhéagóirí é agus go bhfuil sé ag feidhmiú trí Ghaeilge, rud atá eisceachtúil!

''

''

Pól. Club Óige, Tamhlacht

Is eagraíocht óige í Feachtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge. Déanann muid an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacaíonn muid lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil dóibh. Foghlaim níos mó faoi scéal Feachtas anseo!

Clubanna óige

Buaileann ár gclubanna uair sa tseachtain agus bíonn cruinnithe, gníomhartha, turais, cluichí agus spórt ar siúl ag na daoine óga.  Is deis iontach é dóibh bualadh le chéile in áit shábháilte agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge. Tugann an club seans do dhaoine óga foghlaim agus scileanna a fhorbairt trí thaithí phraiticiúil agus bíonn ardú meanman iontu ó bheith neamhspleách agus ag déanamh rúdaí dóibh féin. Tríd an gclub, faigheann siad an deis triail a bhaint as gníomhartha agus eispéiris nua!

Seirbhísí tacaíochta Feachtas

Oibríonn Feachtas go dlúth leis na daoine áitiúla sa cheantar, ag cabhrú leo taithí den chéad scoth a thabhairt dá ndaoine óga. Féachann muid le cur chun cinn na gclubanna a éascú trí na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil saor in aisce do gach club atá cláraithe linn:

Ag bunú clubanna

 

* Earcaíocht na gceannairí ógra

* Promhadh na gceannairí agus grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

* Poiblíocht agus earcaíocht na ndaoine óga

* Traenáil do na ceannairí ógra (cúram leanaí; dea-chleachtas; garchabhair srl.)

* Léas ar ionad a shocrú

* Clárú leis an mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúil

* Cuntas bainc an chlub a oscailt

* Deontas tosaigh do threallamh

Ag reáchtáil clubanna

* Speansais do reáchtáil an chlub

* Árachas don chlub

* Polasaithe Feachtas ar chúram leanaí srl.

* Poiblíocht rialta faoin gclub agus faoin gceantar ar na meáin

* Cíos don ionad

* Rochtain ar ábhar don ealaíon agus céardaíocht trí bhallraíocht le Recreate.

* Tacaíocht a thabhairt le hiarratais ar dheontais

* Traenáil leanúnach do na ceannairí ógra

* Turais agus imeachtaí móra eagraithe i gcomhar le clubanna Gaeilge eile

Bí páirteach linn!

Má ta spéis agat club a bhunú, seol ríomhphost againn ag eolas@feachtas.ie

bottom of page