2021
Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas, Dé Máirt, 20 Aibreán 2021, Ar Líne
Coláiste Mhuire, Cabhrach, Buaiteoirí 2021
Is iad na daltaí ó Choláiste Mhuire, Cabhrach a bhain Craobhchomórtas Náisiúnta Tráth na gCeist Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge.
I suíomh iomlán nua do chách, bhí comórtas den scoth idir an 13 scoil a ghlac páirt sa chraobh ar líne.
Is iad na leaids ó Ardscoil Uí Urmoltaigh, Droichead na Banda a tháinig sa dara áit.
Tháinig na cailíní ó Choláiste Oiriall, Muineacháin sa tríú áit.
21 foireann ó 13 scoil a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais ar líne inniu. Bhí 84 duine óga in iomaíocht lena chéile.

Bronnadh duaischiste €1,240 don chomórtas: €600 ar an fhoireann bhuacach Coláiste Mhuire, Cabhrach: Hollie Ní Chionnaith, Kayleigh Cúipéir, Cáit Ní Mhaoilmhiaigh, Tomás Ó Conaill.

Bronnadh €400 ar Ardscoil Uí Urmoltaigh, Droichead na Banda: Seán Hilliard, Darragh Mac Cárthaigh, Séamus O'Halloran, Conor Ó Súilleabháin

Bronnadh €240 ar Choláiste Oiriall, Muineachán: Derbhla Ní Ghallchóir, Emma Nic Giolla Easpaigh, Niamh De Paor, Ellen Nig Fhlionn.