



2023
Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas, Dé Máirt, 21 Márta 2023, Óstán Ashling, Baile Átha Cliath
Coláiste Oiriall, Muineachán,
Buaiteoirí 2023
Is iad na daltaí ó Choláiste Oiriall, Muineachán a bhain Craobhchomórtas Náisiúnta Tráth na gCeist Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge i mbliana.
28 Gaelcholáiste a bhí in iomaíocht lena chéile i mbliana, agus géariomaíocht amach is amach a bhí i gceist in Óstán an Ashling, BÁC ar an Mháirt, 21 Márta 2023.
Is iad na leaids ó Choláiste Eoin, Stigh Lorcáin a tháinig sa dara áit.
Tháinig dhá scoil sa triú háit: Gaelcholáiste Phort Láirge; agus Coláiste an Eachréidh, Contae na Gaillimhe.
29 scoil a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais in Óstan Ashling, Baile Átha Cliath inniu. Beagnach 116 déagóirí a bhí rannpháirteach i dTráth na gCeist an lae inniu.
Ghlac 150 meánscoil páirt sa chomórtas, le 800 daoine óga ag glacadh páirte.
Bronnadh duaischiste €1,480 don chomórtas: €600 ar an fhoireann bhuacach Coláiste Oiriall, Muineachán: Saorlaith Ní Chionna, Alannah Nic Giolla Bhéiní, Alan Mac Garfadh Mac Seoin, agus Aoibhinn Nic Cormaic.
Bronnadh €400 ar Choláiste Eoin, Stigh Lorcáin: Macdara Ó Raghallaigh, Eoghan Ó hAnluain-Fay, Conall Mac Aonghusa, agus Traolach ó Súilleabháin.
Bronnadh €240 ar Ghaelcholáiste Phort Láirge: Ruán Ó Céilleachair, Micheál Ó Cuidithe, Maitiú Mac Roibeaird, agus Cameron Mac Giolla Chirce; chomh maith le Coláiste an Eachréidh, Contae na Gaillimhe: Brian Mac Thomáis, Conor Ó Loinsigh, Grace de Búrca, agus Semyon Ó Sionnaigh.